Gaeltacht Thír Chonaill

Ireland / Donegal /
 dun (fort) (en), tarraing teorainn go h-amháin
 Uaslódáil grianghraf

Is í an Ghaeltacht seo í an t-aon fhíor-Ghaeltacht atá fágtha i gcúige Uladh. Tá oiread is 8,000 nó 9,000 duine ina gcónaí sa mhórcheantar thart timpeall. Is é Gaoth Dobhair an baile is mó sa cheantar, ach is ceantar tuaithe é don chuid is mó.

Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na háiteanna is áille in Éirinn é. Tá an earnáil turasóireachta go láidir sa cheantar. Is í an Earagail an sliabh is airde i gContae Thír Chonaill, agus tá sé suite sa cheantar chomh maith. Is ag a bun atá Dún Lúiche, áit a bhfuil fáil ar Ionad Cois Locha. Téann bád farantóireachta ar bhun rialta ó Mhachaire Rabhartaigh nó ón Bhun Bheag go h-oileán Thoraigh.

Bunaíodh eastát tionscaíoch i nGaoth Dobhair sna 1960aidí, ach d'imigh cuid mhór de na comhlachtaí móra do luath san 2000aidí nuair a d'aistrigh siad chun na hÁise. Anois tá Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ann, a dhíríonn isteach ar earnáil na seirbhísí. Is le hÚdarás na Gaeltachta í an pháirc ghnó, agus is ansin atá oiffigí an údaráis don iarthuaisceart suite.

Cuireadh Coláiste Uladh ar bun i nGort a' Choirce beagnach céad bliain ó shin chun caighdeán chainiúint Uladh a fheabhsú. Tá oiffigí RTÉ Raidió na Gaeltachta do Thír Chonaill suite sa cheantar fosta. Rinneadh cláir grinn TG4 sa réigiún seo ó bhunadh an stáisiúin i 1996; m.sh. CU Burn, FFC, agus Fear a' Phoist.

Ba as an Ghaeltacht seo a bhí scríbhneoirí mór le rá, cosúil le Micí Mac Gabhann, Peadar Ó Dónaill, Séamus Ó Grianna (Máire), Seosamh Mac Grianna, agus Cathal Ó Searcaigh.

Is as an áit seo fosta iad na buíona ceoil Clannad (Dobhar), Altan (GD) agus Skara Brae (RnaF), chomh maith le Máire Ní Bhreanáin, Brídín Ní Bhreanáin, Aoife Ní Fhearraigh, Na Casaidigh, Proinsias Ó Maonaigh, Gearóidín Breathnach, Seamus McGee agus Maria McCool. Tá Doimnic Mac Giolla Bhríde ina stúirtheoir ar Chór Thaobh 'a Leithid, agus tá Baba Ní Bhreanáin agus Eileen Nic Suibhne i gceannas ar Chór Mhuire Doirí Beaga. Bhí Máiréad Ní Mhaonaigh pósta le Frankie Kennedy, agus is mar gheall air sin a bhíonn Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy á réachtáil i nGaoth Dobhair go bliantiúil.

Tagann cuid mhór scolairí chuig an cheantar achan bhliain le Gaeilig a fhoghlaim, go háirid ó na Sé Chontae. Tá na coláistí seo le fáil sa chuid is mór se na bailte beaga sa cheantar.

Bhain Breandán de Gallaí aitheantas amach ho hidirnáisiúnta as a bheith ina rinceoir le River Dance ar feadh tamaill. Ba as Gaoth Dobhair é Tarlach Mac Suibhne (nó An Píobaire Mór, mar a thugtar níos minice air), a sheinn ag an World Exhibition i Chicago i 1893 sna SAM. Tá a phíobaí le feiceáil go fóill in Iarsmalann Ros Neamhlach. Is actóirí Conallacha ar Ros na Rún iad Niall Mac Eamharcaigh agus Gavin Ó Fearraigh (a bhain Celebrity Jigs 'n' Reels i 2007 ar RTÉ).

Ó thaobh chúrsaí polaitíochta de; bhí Bríd Rodgers ina polaiteoir náisiúnach (don SDLP) agus ina ball de Chomhthionól Thuaisceart Éireann. Tá cónaí uirthi anois i gCreag Abhann i gContae Ard Mhacha. Rugadh Cormac Ua Breisleán (iar-TD agus Ceann Chomhairle) i nGaoth Dobhair. Tá Donnchadh Mac Fhionnghaile ina bhall de Fhine Gael. Tá Piaras Ó Dochartaigh ina sheanadóir ar son Shinn Féin. Tá Francis Mhic Géidigh, arbh as Gaoth Dobhair di, ina ball de Údarás na Gaeltachta ar son an chontae (do SF).
Nearby cities:
Comhordanáidí:   55°3'57"N   8°9'17"W
  •  137 ciliméadar
  •  213 ciliméadar
  •  267 ciliméadar
  •  330 ciliméadar
  •  349 ciliméadar
  •  378 ciliméadar
  •  406 ciliméadar
  •  414 ciliméadar
  •  468 ciliméadar
  •  642 ciliméadar
This article was last modified