Corcaigh
Ireland /
Cork /
World
/ Ireland
/ Cork
/ Cork
/ Poblacht na hÉireann
cathair, county town - UK/Ireland (en)
Is í Corcaigh (nó Cathair Chorcaí) an dara cathair is mó i bPoblacht na hÉireann agus an triú ceann is mó ar oileán na hÉireann. Is í príomhchathair Chontae Chorcaí agus Chúige Mumhan í, leis. Tá an chathair suite cois Chuan Chorcaí agus abha na Laoi in iardheisceart na hÉireann, ag 51°54’ ó thuaidh agus 8°28’ thiar. Is í an Laoi príomhabha an cheantair, agus í ag rith trí Chathair Chorcaí. Tá lár na cathrach bunaithe ar oileán idir dhá chraobh na Laoi, sula sníonn sí isteach in inbhear Loch Machain agus ar aghaidh ansin go Cuan Chorcaí, - ceann de na cuanta nádúrtha is mó ar domhan. Is calafort tábhachtach í Corcaigh, agus go leor céanna agus dúganna suite in oirthear na cathrach. Tá 163,000 duine ina gcónaí i gCorcaigh (190,000 go léir sa chathair agus sna bruachbailte). Tá 380,000 duine ina gcónaí taobh amuigh den chathair i gContae Chorcaí (de réir dhaonáireamh na bliana 2002).
Tagann an ainm "Corcaigh" féin ón nGaeilge, nó is seantéarma Gaeilge é corcach a chiallaíonn portach, is é sin i nGaeilge an lae inniu thabharfá 'Portach' uirthi. Focal baininscneach é corcach, agus cosúil lena lán focal den chineál sin, nuair a baineadh úsáid na logainmne as, cuireadh sa tuiseal tabharthach é. Is tagairt é seo don chineál tír atá le fáil ar bhruacha na Laoi. Tá clú ar chathair Chorcaí i dtaobh tuilte móra a dhéanann praiseach cheart de lár na cathrach, nuair a bhíonn taoide tuile agus báisteach throm ann. Tá cáil mhór an tírghrá ar Chontae agus Chathair Chorcaí ó thréimhse na Lochlannach anuas. Dá bharr seo, is minic a thugtar reibiliúnaigh (Rebels) ar mhuintir Chorcaí mar leasainm. Tá sé de nós ag muintir chathair Chorcaí "an fhíor-phríomhchathair" a thabhairt ar chathair a ndúchais freisin. Gné eile den mheon seo is ea iad na T-léinte agus an ainm úd "Daonphoblacht Chorcaí" litrithe orthu. Tá a leithéid de shuíomh gréasáin ann freisin agus People's Republic of Cork, agus é ina phobal idirlín ag muintir an chondae, idir iad siúd a fhanann ina gcónaí ansin agus lucht imirce.

Áit Vicípéide: http://ga.wikipedia.org/wiki/Corcaigh
Nearby cities:
Comhordanáidí: 51°53'59"N 8°28'9"W
- Luimneach 89 ciliméadar
- Gaillimh 162 ciliméadar
- Baile Átha Cliath (Dubh Linn) 216 ciliméadar
- Béal Feirste 350 ciliméadar
- Learpholl 408 ciliméadar
- Manchain 453 ciliméadar
- Cathair Luail 497 ciliméadar
- Eabhrac 544 ciliméadar
- Londain 560 ciliméadar
- An Caisleán Nua 567 ciliméadar
- Stáisiún Cheannt 0.8 ciliméadar
- Contae Chorcaí 39 ciliméadar