Béal Feirste
United Kingdom /
Northern Ireland /
Belfast /
World
/ United Kingdom
/ Northern Ireland
/ Belfast
/ An Ríocht Aontaithe / Tuaisceart Éireann
cathair, príomhchathair an stáit / chúige / réigiún
Is é Béal Feirste príomhchathair Thuaisceart Éireann. Tá an chathair féin scoilte idir Contae Aontroma (siar agus ó thuaidh) agus Contae an Dúin (soir agus ó dheas). Cé nach bhfuil ach 341,877 duine ina gcónaí laistigh de theorainneacha oifigiúla na comhairle cathrach, tá 671,559 duine ina gcónaí sa mhórcheantar uirbeach de réir an daonáirimh is déanaí a bhfuil torthaí ar fáil uaidh. Fágann sé sin gurb í an chathair is mó i dTuaisceart Éireann agus an dara cathair is mó sa Ríocht Aontaithe ar fad.
Tá institiúidí rialaithe Thuaisceart Éireann lonnaithe i mBéal Feirste, mar atá Tionól Thuaisceart Éireann i bhFoirgnimh na Parlaiminte ag Cnoc an Anfa (nó Stoirmhonadh). Ba mhór agus ba mhilteanach an tionchar ar an chathair a imríodh mar gheall ar na Trioblóidí idir 1968 agus 1994. Maraíodh na céadta daoine agus gortaíodh na mílte. Ba mhór an ról a bhí ag baile Bhéal Feirste le linn na Réabhlóide Tionsclaíche sa Ríocht Aontaithe sa chéad leath den naoú céad déag. Ba iad na Feirstigh na táirgeoirí ba mhó líne ar domhan tráth. Ar an ábhar sin, tugadh an leasainm "Linenopolis" ar an bhaile. Faoin am ar bronnadh stádas mar chathair ar Bhéal Feirste in 1888, bhí cáil ar na Feirstigh as próiseáil an tobaic agus déantúsaíocht an téid agus tógáil na long. Ba i longchlós Harland & Wolff, arb é an longchlós ba mhó ar domhan, ar tógadh an RMS Titanic.
Sa lá atá inniu ann samhlaítear an chathair le tionscal an aeraspáis agus na ndiúracán, leis an tionscal seirbhísí agus le seribhísí ardteicneolaíochta bainc a úsáidtear in earnáil na baincéireachta thart timpeall na cruinne. Aineoin gur tháinig meath ar gheileagar na cathrach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, port atá i mBéal Feirste sa deireadh thiar, agus tá duganna tráchtála agus tionsclaíochta in úsáid go seadh. Tá dhá aerfort suite cóngarach don chathair agus as Béal Feirste tugann paisinéirí aghaidh ar an fharraige mhór ar bháid farantóireachta go hAlbain, go Sasain agus go Manainn gach lá na seachtaine. Tá dhá ollscoil (Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh), mar aon le dhá choláiste ollscoile (Coláiste Mhuire agus Coláiste an tSrutháin Mhilis) suite sa chathair. Tá institiúid bhreisoideachais lonnaithe sa chathair ar a dtugtar Coláiste Uirbeach Bhéal Feirste, a bhfuil ceithre champas aige; Achaidh an Mhuilinn, An Caisleán Riabhach, An Cheathrú Titanic agus E3. Tá seacht gcinn d'otharlanna i mórcheantar Bhéal Feirste, is iad Otharlann Ríoga Victoria (nó Grúpa na nOtharlann Ríoga, lena n-áirítear Otharlann na bPáistí agus Otharlann Mháithreachais an Royal Jubilee), Otharlann na Cathrach, Otharlann Uladh, Otharlann Musgrave Park, Otharlann Forster Green, Otharlann Mater Infirmorum, Otharlann Ghleann an Lagáin agus Otharlann na Mainistreach Báine. Lena gcois siúd tá dhá ospidéal phríobháideacha sa chathair; Otharlann Kingsbridge agus Clinic Neamhspleách Uladh. Osclófar Páirc Sláinte agus Folláine King's Hall sna blianta atá le teacht.
A fhad agus a bhaineann le Béal Feirtse, is iondúil gur ísle iad na figiúirí a bhaineann leis an dífhostaíocht ná aon chuid eile de Thuaisceart Éireann agus meán náisiúnta na Ríochta Aontaithe i gcoitinne. I bhFeabhra na bliana 2006, bhí ráta dífhostaíochta 4.2% sa chathair, aineoinn gurb é 5.5% an meán náisiúnta don Ríocht Aontaithe ar fad. Le deich mbliana anuas, tháinig fás 16.4% ar an fhostaíocht sa chathair, i gcomparáid le 9.2% in iomlán na Ríochta Aontaithe.
Le fiche bliain anuas tá forbairtí nach beag tagtha ar an tsaol, cuir i gcás Cearnóg Victoria, Ceathrú na hArdeaglaise, an ceantar Cois Lagáin, airéine Odyssey, Ceanthrú an Titanic,. Is é Obel Tower an foirgneamh is airde ar oileán na hÉireann. Cuirtear seribhísí bus ar fáil don chathair trí bhusanna Metro agus Glider de chuid Translink (arb ionann é agus Cuideachta Shealbhaíochta Iompair Thuaisceart Éireann) agus ceanglaítear an an chathair le bailte móra agus cathracha eile i dTuaisceart Éireann trí Ulsterbus ó dhá Stáisiún Bus; Ionad Bus Chois Lagáin agus Ionad Bus an Europa. Bíonn seibhrísí laethiúla Sail 'n' Rail ó Bhéal Feirste go Glaschú, Dún Éideann, Manchain, Birmingham agus Londain. Cuirtear seirbhísí traenach ar fáil ag Iarnróid Thuaisceart Éireann trína dtrí phríomhstáisiúin, mar atá Yorkgate, Mórshráid Victoria agus Lanyon Place i dtreo na gceann scríbe seo a leanas; Londandoire, Beanchar, Port Rois, Latharna agus an tIúr. Tá tacsaithe príobháideacha in úsáid ar fud na cathrach, ach tá cáil mhór ar na tacsaithe dubha poiblí amhail na Black Taxis i gcathair Londan. Cuirtear tús le Cúrsa 9 de Líonra Náisiúnta Rothaíochta na Ríochta Aontaithe i mBéal Feirste siar ó dheas go Lios na gCearrbhach, Port an Dúnán agus Iúr Cinn Trá, Cúrsa 99 soir go Baile Úr na hArda, Aird Uladh agus Loch Cuan, agus Cúrsa 93 ó thuaidh go Carraig Fhearghais agus Cúil Raithin. Tá clú agus cáil bainte amach i gcén is i gcóngar ag Ceolfhoireann Uladh a bhíonn ag seinm i Halla Uladh ar Shráid Bedford, gar do cheanncheathrú BBC Thuaisceart Éireann. Tá bainc go leor lonnaithe sa chathar, mar atá Lloyds, Barclays, Halifax, HSBC, Santander UK, Nationwide, Citibank, Britannia Building Society, Progressive Building Society, Leeds Building Society agus Danske Bank, mar aon le Banc na hÉireann, AIB agus Banc Uladh (ar le National Westminster Bank nó NatWest agus RBS é). Tá oifigí ag Banc Shasana sa chathair, toisc gurb é banc ceannais na Ríochta Aontaithe.
Tá neart iarsmalanna le fáil i mBéal Feirste fosta, mar shampla, Iarsmalann Uladh (atá mar chuid d'Iarsmalanna Náisiúnta na Ríochta Aontaithe i dTuaisceart Éireann), Titanic Belfast, HMS Caroline, SS Nomadic, W5, Ionad na nEalaíon Uirbeach, Iarsmalann na hOidhreachta Oráistí (Teach Schomberg), Leacht Cuimhneacháin Thuaisceart Éireann, Iarsmalann Fhir Raidhfil Ríoga Uladh, Ionad Fionnachtana na hUltaise agus Iarsmalann Chonstáblacht Ríoga Uladh.
Foilsítear trí nuachtán; Belfast Telegraph, Irish News, agus The News Letter arb é an nuachtán is sine i mBéarla a fhoilsítear fós. Díoltar agus léitear na príomhnuachtáin náisiúnta go forleathan i mBéal Feirste, macsamhail The Times, The Guardian, The Daily Telegraph agus dá réir. Tá ceanncheathrúnna BBC Thuaisceart Éireann, UTV (ar cuid de ITV é) lonnaithe sa chathair, mar aon le Q Radio agus U105. Mar aon leo beirt, braolar BBC Raidió Uladh, ClassicFM, Blast106, CoolFM, Juice 103.8, Lisburn's 98,Downtown, Sunshine 104.9 Energy, Belfast'89 agus BFBS Northern Ireland mar aon le stáisiúin náisiúnta uile de chuid an BBC ó mhullach Dubhaise siar ó Bhéal Feirste. Craoltar trí cinn is daichaid de stáisiúin raidió DAB ó mhullach an tsléibhe chéanna. Anuas ar na pictiúrlanna mór le rá, ar nós Movie House, Odeon agus Omniplex, tá dhá phictiúrlann neamhspleácha suite i mBéal Feirste, mar atá Queen's Film Theatre agus Strand Cinema.
De ghnáth, bíonn maratán ar siúl gach Lá Bealtaine. Tá Páirc Windsor Park, arb é Staid Náisiúnta Sacair Thuaisceart Éireann suite i ndeisceart na cathrach, tá Páirc Casement, arb é ceanncheathrú CLG i gContae Aontroma, suite in iarthar na cathrach agus tá Staid Ravenhill, ceanncheathrú Ulster Rugby lonnaithe in oirthear Bhéal Feirste. Tá Faiche Imeartha Cruicéid Stormont suite in oirthear na cathrach chomh maith. Tá cumann haca oighir dá gcuid féin ag muintir Bhéal Feirste ar a dtugtar Belfast Giants a bhíonn ag imirt i gComórta Scothaicme Haca Oighir na Ríochta Aontaithe.

Áit Vicípéide: http://ga.wikipedia.org/wiki/Béal_Feirste
Nearby cities:
Comhordanáidí: 54°35'53"N 5°56'12"W
- Baile Átha Cliath (Dubh Linn) 136 ciliméadar
- Cathair Luail 193 ciliméadar
- Learpholl 229 ciliméadar
- Gaillimh 254 ciliméadar
- Manchain 263 ciliméadar
- An Caisleán Nua 272 ciliméadar
- Luimneach 279 ciliméadar
- Eabhrac 318 ciliméadar
- Corcaigh 343 ciliméadar
- Londain 496 ciliméadar
- Cluain Ard 1.6 ciliméadar
- An Cheathrú Ghaeltachta 1.9 ciliméadar
- Baile Mhic Fhearaigh 2.4 ciliméadar
- An tSruthán Mhilis 2.7 ciliméadar
- Baile Uí Mhurchú 2.8 ciliméadar
- Má Lón (Maigh (Uí) Luain) 3.1 ciliméadar
- Baile Dhún Fionn 3.9 ciliméadar
- Baile Andarsan 4.2 ciliméadar
- Contae an Dúin 28 ciliméadar
- Contae Aontroma 36 ciliméadar