Gaeltacht Rinn Ó gCuanach

Ireland / Waterford / Dungarvan /
 áit shuimiúil  Cuir catagóir leis
 Uaslódáil grianghraf

Is breac-Ghaeltacht í seo le fada cé is moite go raibh neart ag an teanga tráth sa gceantar so. Tháinig meath ollmhór ar úsáid na Gaolainne anso thart fé 60 bliain ó shin. Thá an teanga fé bhrú fé láthair chomh maith áfach ós rud é go bhfuil cuid ana-mhór (strainséirí gan Gaolain ar bith acub is ea iad don gcuid is mó)isteach le scór bliain.


Sliocht as Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht:

Áirítear na trí thoghroinn i nGaeltacht Phort Láirge i gCatagóir C. Léiríonn na staitisticí daonáirimh gurb í an Rinn an toghroinn is láidre ó thaobh úsáid na Gaeilge de (43% ina gcainteoirí laethúla) agus gur ar éigean is ann do ghréasáin Ghaeilge sa cheantar seo trí chéile cé is moite de cheantar na Rinne, áit ar shaothraigh 16% de na teaghlaigh deontas iomlán SLG in 2003/4. Tagann próifílí na hAirde Móire agus Bhaile Mhac Airt le próifíl shochtheangeolaíoch Chatagóir C, ach is cosúla le próifíl Chatagóir B an phróifíl a shonraítear i bhfaisnéis na Rinne. Ach an oiread le comhthéacs cheantar an Spidéil i nGaeltacht na Gaillimhe, tá na gréasáin Ghaeilge i gceantar na Rinne faoi bhrú déimeagrafach i ngeall ar fhás an cheantair uirbigh atá buailte ar an Rinn – Dún Garbhán. Moltar, áfach, de bharr an limistéar Gaeltachta seo a bheith chomh beag sin, go ndéileálfar leis an limistéar seo mar aonad amháin, agus é a rangú mar Chatagóir B.
Nearby cities:
Comhordanáidí:   52°1'14"N   7°36'18"W
  •  65 ciliméadar
  •  104 ciliméadar
  •  173 ciliméadar
  •  315 ciliméadar
  •  349 ciliméadar
  •  394 ciliméadar
  •  446 ciliméadar
  •  485 ciliméadar
  •  501 ciliméadar
  •  514 ciliméadar
This article was last modified