An Leafcóis

Cyprus / Government controlled area / Nicosia /
 tarraing teorainn go h-amháin, príomhchathair na tíre

Is í an Leafcóis (mal. An Niocóis; ainm áitiúil: Lefkosia, Gréigis: Λευκωσία, Tuircis: Lefkoşa, Béarla: Nicosia) príomhchathair na Cipire, agus í ar an chathair is mó sa tír fosta. Tá an Leafcóis suite i lár an oileáin chois Abhainn Pedieos ar mhachaire Mesaoria. Leis na blianta anuas tá an chathair roinnte idir an Chipir Theas agus an Chipir Thuaidh, an t-aon chathair ar domhan atá roinnte ag balla míleata. Déanann an chuid ó thuaidh den chathair gnó mar phríomhchathair do Phoblacht Thurcach na Cipire, stát a cuireadh ar bun nuair a rinne fórsaí na Tuirce ionradh ar an tír sa bhliain 1974. Ní thugann stát ar bith ach an Tuirc féin aitheantas don 'Phoblacht' sin, áfach.

Tá cónaí ar thimpeall ceathrú milliún duine sa chuid Ghréagach den chathair. Chan fhuil ach 85,000 duin ina gcónaí sa chuid Thuirceach den chathair. Tá ceithre ollscoil suite sa chathair, trí cheann príobhaideach agus ceann amháin poiblí.
Comhordanáidí:   35°7'44"N   33°20'56"E
Array