Cathair Pheadair
Russia /
Sankt Petersburg /
Saint Petersburg /
World
/ Russia
/ Sankt Petersburg
/ Saint Petersburg
, 25 ciliméadar ón lár (Санкт-Петербург)
/ An Rúis / Ļeņingradas apgabals
cathair, first-level administrative division (en), hero city - Soviet honorary title (en)
Is cathair sa Rúis í Cathair Pheadair (Rúisis: Санкт-Петербу́рг), agus í ar an dara cathair is mó sa tíre. B'é an Sár Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703, agus í ina príomhchathair ar an tír go dtí an bhliain 1918. Ansin, rinneadh príomhchathair de Mhoscó. hAthraíodh ainm na cathrach cupla uair i rith na mblianta. Rinneadh Petrograd (Петрогра́д) (1914–1924) di nuair a chuaigh na Rúisigh chun cogaidh in aghaidh na nGearmánach, agus blas na Gearmáinise ar an ainm a bhí ar an áit go dtí sin. Ina dhiaidh sin, tugadh Leningrad (Ленингра́д) (1924–1991) uirthi i ndilchuimhne ar Vlaidímír Léinín, ceannaire na mBoilséiveach. Nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas mar idé-eolaíocht oifigiúil, fuair an chathair a seanainm ar ais, siúd is go bhfuil an cúige (oblast) ina timpeall ainmnithe as Leningrad i gcónaí. Is é Piter (Питер) an t-ainm a thugann muintir na háite féin uirthi sa ghnáthchaint, áfach. Cé nach bhfuil sí ina príomhchathair a thuilleadh, is gnách le muintir na Rúise "an Phríomhchathair Thuaidh" nó b'fhéidir "Príomhchathair an Tuaiscirt" a thabhairt uirthi (северная столица an leagan Rúisise).
Áit Vicípéide: http://ga.wikipedia.org/wiki/Cathair_Pheadair
Nearby cities:
Comhordanáidí: 59°56'21"N 30°5'32"E
Tá an t-alt seo cosanta
Array