| |||||||
Dún PádraigIs sean-phríomhbhaile Chontae an Dúin é Dún Pádraig, atá suite in oirdheisceart an chondae. Is é príomhbhaile Leithinis Leath Chathail go fóil ámh, agus bíonn sé i gceannas ar chomhairle an cheantar áitiúla fosta. Tá sé suite thart fá 33 ciliméadar taobh amauigh de Bhéal Feirste soir ó dheas, agus tá Ard-Eaglais na hÉireann suite sa bhaile in ómós Phádraig féin. De réir an eolais atá faighte go dtí seo, is dócha gur cuireadh Pádraig anseo, agus cuireadh clochán in airde ina chuimhne.
Wikipedia article: http://ga.wikipedia.org/wiki/Dún_Pádraig This article is protected. Category: county down
| |||||||
|
|||||||